An béarla san am – bhí buntáiste ag Cormac sa scoil sin, bhí Gaeilge agus broc beag béarla aige. San am sin bhí béarla ag a lán de na páistí i scoil Chormaic i Mín an Chladaigh, tháinig a lán teaghlaigh anall as Albain le linn an chogaidh le bheith sábháilte agus béarla uilig a bhí a labhairt acu.
Bhí béarla de dhith le do ghnóithe a dhéanamh, le lucht siúil agus ar an aonach.
Béarla uilig, dar le Cormac, a labhraítí leis na hainmhithe uilig ach amháin an bhó roimhe seo. | 00:02:20 | |